Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní bhíodh mórán tighthe le feiceál sa gceanntar seo fadó. Ní bhíódh tighthe na sean-aimsire mór. Tighthe beaga do bheadh iad.
    Bíódh ciab agus luachair mar cheann ar na tighthe fadó. Gheibhtí an tuighe sa sliabh, agus b'féidir ar an bportach.
    Bíódh leabaidh ins an gcistin ins na tighthe fadó. Bhíodh an leabaidh sin déanta le taobh an bhalla. "Cailleach" a tugtaí uirri. Bean-a-tighe agus fear a tighe a cholduigheadh inntí sin.
    Bíodh an teinteán i gcoinnibh an phiniúra. Bíodh simléar istigh ins na tighthe fadó. Bíódh cúpla maide mór ag dul ón lochta taobh istigh go dtí barr na beinne, agus cláir thart ar na maidí sin, agus clocha is moirtéal ar na maidí taobh amuigh. Sin é an sórt simléar bhíodh acu fadó. Ní bhíodh aon teine ar an urlár i lár na cistineach ins na tighthe fadó.
    Ní bhíodh acht aon doras amháin ar na tighthe fadó. Bhíodh an doras ins na taobh-bhallaí. Bíodh maide éamuinn ar chúl an dorais chun é a dhúnadh. Ní bhíodh ar na tighte fadó acht fuinneóg amháin nó péire. Bhíódh clár ins na fuinneóga sul ar cuireadh gloine ionnta, agus ins an oidhche chuirtí mála líonta le féir in aon fhuinneóg nach mbéidh cláracha innti.
    Bíodh móín, fraoch, agus giumhaise mar arbhair teine fadó. Bheireadh maide giumhaise solas dóíbh san oidhche.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe