Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)
- Suíomh:
- Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 413](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_413.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 413
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Sceach
- XML Leathanach 413
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Cén fáth nach bhfanfá go maidin ag éisteacht leis a’ gceól is an damhsa”.
“Tá capall sgáthmhar, foillséasach fé mo chúraim agus caithfidh mé dhul abhaile léi”, arsa Seán. “Má fhanann tú”, arsa an fear, “cuirfidh mise fear abhaile léi atá in don í a cheannsadh cómh maith leat féin”. “Bheul”, adeir Seán, “ba mhaith liom é a fheiceál sul má leigfinn mo chapall abhaile leis”.
“Siúd é thíos sa gclúid é”, arsa an fear.
“Ara, an é séicleach údan thíos, atá cómh sean leis a’ gceó”, arsa Seán.
“Eirigh in do shuidhe a ghaisgídheach agus teasbáin do Sheáin Uí h-Anlaí céard tá tú in ndon a dhéanamh”, arsa fear a’ tighe. D’eirigh an séicleach de léim agus is beag ná phlúch sé a raibh sa teach le n-ar thuit de luaithe bhuidhe as a shean bhalcaisí. Bhí matal treasna an tighe agus chuaidh sé de léim anon tharais agus de léim eile anall.
“Dar fiadh” arsa Seán, “ba cheart go mbeadh sé seo i ndon í a thabhairt abhaile”.
Leis sin, amach leis an sgológ agus siúd abhaile é leis an gcapall. D’fhan Seán ag éisteacht leis an spóirt nó go raibh sé thart. Annsoin chuir bean a’ tighe leabaidh bhreágh chlúimh faoí réir do Sheán agus dubhairt leis dul ar a shuaimhneas go maidin.
Chuaidh an sgológ abhaile leis an gcapall agus chuir sa stable í. Bhí bean Sheáin is na páisdí ‘na gcodhladh agus chuaidh an sgológ a choladh freisin. Ar maidin nuair a dhuisigh an bhean bhí Seán básuighthe le na taobh sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Nudhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Nudhain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe