Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rachadh sé ag feuchaint ar inghean an Rí a bheadh 'á ithe ag an bpéist induimh.
D'imthig sé agus níor bhfada ó bhaile bhí sé nuair a ghaibh inghean an Rí agus a h-athair chuige, agus iad istig i gcóiste, agus d'imthigheadar roimis amach. Bhí sé d'iarraidh coimeád suas leo i gcómhnuidhe, ach do theip air sa deire.
Thug an Rí fé ndeara an garsún agus do stad sé an cóiste agus d'fhan leis. D'fhiafruig sé de cá raibh sé ag dul agus dúbhairt an garsún leis gur ag feuchaint ar inghean an Rí a bheadh 'á ithe ag an bpéist induimh a bhí sé ag dul.
"Brostuig ort mar sin," ar san Rí, leis an ngarsún.
"Cad fáth de chrann na n-úbhall ná fásann ach dréir a thorrad?" arsan garsún 'á freagairt. Nuair a chualaidh an Rí an garsún a rádh an méid sin, dúbhairt sé lé n-inghin go mbféidir go dtabharfhadh sé triail éigin leis an bpéist sa bhfilídheacht.
Ansan do thóg sé isteach sa chóiste chuige é agus d'imthigeadar ortha go dtí gur srioseadh an áit go raibh an phiast. Bhíodar ansan tamall maith agus insa deire do chuir sí a ceann aníos agus dúbhairt:-
"Cad as an fiosach Ruadh?" , leis an ngarsún,
"Ó bhun Chúige Mumhan, ó'n mBreasaíl bhínn", ar seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Labhráis Uí Ciabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na Rátha Thuaidh, Co. Chiarraí