Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 024
- XML “Scéal an Éithigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dúbhairt an máighistir leis féin gur amadán é seo, agus ar é thosnú féin, dá ba rud é go buadhfadh sé ar na crainn ná beurfadh sé 'na chodladh ar féin .i. ná deurfadh sé leis go raibh an t-éitheach aige.
"Táim sásta" ar seisean leis an amadán bocht.
Lúb an leath-amadán síos agus thoibh [?] an saghas leice go raibh an t-árd eólas aige ar connus í chaitheamh agus an thaobh gur mhian leis a bheith anáirde. Chaith sé seile ar thaobh den licín.
"Fluich nó tirim?" ar seisean leis an máighistir.
"Tirim" ar san máighistir.
Chaith an buachaill anáirde í, chómh b-árd lé n-eudan agus thuit sí anuas go deas ag barra a chos agus an taobh fluich anáirde.
"Mise a thosnóchaidh ag cainnt" ar seisean ag cur gáire beag as.
"Má seadh tosnuig" arsan máighistir.
"Raghad ag obair duit láithreach" arsan buachaill "ach ba mhaith liom scéal d'innsint ar dtúis faid a bheam ag feitheamh lé greim bídh."
"Seo leat leis" arsan máighistir agus shuidh beirt acu ar dhá thaobh an bhúird, duine acu ar aghaidh an duine eile.
An buachaill:-
Níl agamsa sa t-saoghal ach mo mháthair mar cailleadh m'athair is gan mé ach leath-bliadhain. Ní raibh fód talmhan aige ach tigín beag ar thaobh an bhóthair agus gáirdín beag lastiar de thig. Chaith mo mháthair dul ag bailiú lé n-a paca agus mise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirceartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Chiarraí