Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “Eachtra ar Shióga - Tomás na bPúcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Tugtar Tobar Gúlach ar páirc fliuch atá lán d'uisce agus dhá shéithleán uisce ag gluaiseacht tríthe gan trácht ar a bhfuil de féitheanna srl, innte. Tá Baile na Rátha mar a raibh lios mor i ngiorracht ceathrú míle de'n áit seo.)
    3. Nár bhféidir leó aon díoghbhail a dheunamh gan duine beó a bheith leo.
    4. Ná raibh aon chead ag an lionán sídhe focal cainnte a dheunamh faid a bheadh sé leó ná dá ndeunfadh go gcaithfeadh sé siúbhal abhaile.
    Deir Seán go raibh Micí Túí (Mícheál Ó Caomháin, Gleann Loch, Dún Chaoin,) fear fíorainneach, mín, macánta, ná raibh aon éitheach ag baint leis, á rádh go raibh sé oidhche ag iascach. Bhí ladhar éisg aige agus chuir sé isteach i gcosa a threabhsair aidhil é agus bhuail chuige treasna a ghualann é. Toisg go raibh an oidhche deunach agus geal, ghaibh sé an cóngar treasna na ngort de bhun an Ghuirt Fhada. Lé linn do dul ar barra an chlaidhe, shleamhnaig an claidhe cloch fé agus buaileadh é féin agus na maircréil sa ghort eile thíos. Cheap
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muirceartaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Gleann Loic, Co. Chiarraí