Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 016
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cuireadh amach i ndroim an bhealaigh é. Thug an t-oileán thiar dá bhliadhain gan aon scoil an uair sin. Do chídhfeá na hárthaigh bhochta ag iarraidh chuan Fionntrág a bhaint amach nár ligeadh Dia go gcídhfí a léithéid de dhroch uair go deó aríst!
Do bhrisfeadh sé do chroidhe na h-árthaigh bochta i mbaoghal mbáidhte d'feisgint - iad a chur ó taobh taobh na crainn da luascadh nó dá leagadh, leis an bhfatragadh a bhíodh ortha, ní iomróchaidís air a sáil chun iad a thógaint.
Anois is aríst, do cídfá trí nú ceathair seómraí .i. eallaigh ag imtheacht an gob suas leis an suathadh a bhí san bhfarraige. Is minic a chuimhnig muinntir an oileáin air na h-ártaí bochta a bhí amuich ar an bhfarraige agus deiridís "Is maith an tanncaire an tadarta" bíodh go mbídís féin ins(leanann ar an chéad leathanach eile)