Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 530

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 530

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 530
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dheirbhshúr is sine" agus do thóg sé an galún agus dorn prátaí ann 'na láimh. "Feach" ar seisean an bronntanas a fuaireas 'o m' dheirbhshúr eile" is do thasbáin sé dóibh seacht nó ocht do phrátaí "agus" ar seisean "Sin é an deontas a fuaireas ó'm dheirbhshúr óg" is do chaith sé amach leathchloch prátaí. "Ta'n sibh go léir láithreach 'nbúr bhfinnéithe annso" ar seisean leis an gcuileachtain (cuideachtain). "Sé an áit go gcodluigheas-sa an oidhche thug mo chosa mise go tig an chailín óig seo ná leathais fuinneoige. Agus é ag déanamh ar lár na h-oidhche tháinig bacach go raibh maidí croise aige isteach. D'oscluighis-se an doras do" arsa se ag síneadh a mhéire chuin an chailín "is do scaoilis isteach é agus sin iad na maidí croise anois agat a chailín". D'iompuig sé ar an gcuileachtain annsan agus dubhairt "Téigidhig go léir abhaile anois agus cuirfead i bhfeidhm an triomhadh comhairle tug m'athair dham. Raghad go binn a' tighe agus tabharfad súil fhéachaint soir is siar faid a rithfidh mo radharc agus ní'l baoghal ná go bhfaghad bean. Níor phós sé an cailín úd ach thug sé náire is aithis dhi. Thug sé náire mar an gceadna dhá dheirbhshéaracha. Sin é mo scéal sa dhibh anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910A: Wise Through Experience
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaig
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí