Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 475
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tráthnóna. Nuair a chonnaic a mháthair an t-arán d'fhiafruig sí do'n inghean ar ith sí aon bhlúire dhe. Dúbhairt sí sin nár ith. Maith an cailín arsa an mháthair. Dheinis an méid sin go maith. An dara lá nuair a bhí an cailín ag dul an scoil bhí an tseana bhean roímpe arís an chlaidhe an leasa. D'fhiafruig sí do'n gcailín arís an dtug sí aon lón léi agus dúbhairt sí sin nár thug. Annsan thug an bhean blúire eile aráin chuiche ach níor bhlais an cailín é ach é thabhairt abhaile go dtí na máthair. An triomhadh lá d'imir bean an leasa an cleas ceadhna ar an gcailín ach níor ith sí aon bhlúire de'n rán ach é thabhairt abhaile go dtí na máthair. Chuir sí sin na trí bhlúire aráin i gcoimeád in áit ná feadfadh aon duine iad d'fhágháil go deó. Anois bhí bó riabhach ag an mbaintreach agus bhíodh an bhó breóidhte i gcómhnuidhe. Nuair a bhí an cailín ag dul ar scoil an tsríomhadh lá dúbhairt a máthair léi fhiafhruighe do bhean an leasa an mbeadh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathalláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Cathalláin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí