Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 024
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí ministir gallda na chómhnuidhe i nDaingean Uí Cúise fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí ministir gallda na chomhnuidhe i nDaingean Uí Chúíse fadó. Bhí sé pósta agus ceatharar inghean aige. Mac do thighearna Talún ab ea an ministir seo, agus níor chlois sé focal Gaedhilge riamh. Ins an dtráth seo, bhíodh mná caointe ins gach baile nach mór agus bhí sé mar cheárd aca caoineadh a dhéanamh i ndiaidh gach duine a chaillfí.
Nuair a bhí an inghean ba shine timcheall dhá bhliain déag, tháinig droch-bhreoidhteacht éigint uirthi agus cailleadh í,. Nuair a bhí an sochraidh ag gluaisteacht ón dtigh, níor chuir aoinne suas caoineadh. B'ait leis an ministir agus a bhean é seo.
Ní raibh sí sin curtha i bhfad, slán mar a n-innstear é, nuair buaileadh an dara inghin breoidhte agus cé gur deineadh gach iarracht chun í do shábhailt do cailleadh í. Bhí bean chaointe sa Daingean ar a dtugadh Neill Ní Páiste, agus bhí seana aithne ag an ministir uirthi, mar is í a thug aire dos na leanbhaí nuair a bhíodar óg. Bhí an-dhúil aici sa bhraoinín, agus lá an tsochraid thug an ministir leath-choróin di ag caoineadh a chur suas nuair a ghluaiseochadh an sochraid ón d Teampall Gallda. Bhí na daoine go léir bailte chun an tsochraid, agus nuair a ghluais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí