Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 037](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_037.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 037
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Sárú na Spride agus Triúr fén gComhrainn (ar lean)
“Bhí feirmeoir thíos i gCeann Caisle suim blianta ó shoin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí feirmeoir thíos I gCeann Caisle suim blianta ó shoin. Do phós a mhac críona cailín ó’n cómharsanacht. Bhí mac eile aige annsan agus fear mór láidir ab eadh é agus lá do’s na laethannta nuair a bhí sé i nam treabhadh a dhéanamh i dtosach an Earraigh dúbhairt a athair leis an chéachta a thabhairt leis go dtí an ceárdchain agus go mbeadh sé ullamh aca i gcóir na seachtmhaine a bhí chúca. Do chuir sé an cairt ar an gcapall agus chuir sé an céachta isteach sa cairt. Do chomáin sé leis agus tháinig sé go dtí an ceárdchain. Do fuair sé coróinn ó’n a athair chun deoch a thabhairt des na gaibhne. Do tháinig a mháthair amach sara chuaidh agus d’iarr air an bhfuair sé aon nídh. “Ní mór é,” ar seisean, ach fiacha cúpla piúint dé’s na gaibhne. Do thug an máthair coróinn eile dho. Seadh do tháinig sé an ceárdchain agus nuair do tháinig chuir na gaibhne fáilte roimis. Do sgoir sé an capall agus ceangal sé do’n gcairt í agus bhí alán capaill eile sa ceárdchain roimis. Do chuaidh sé isteach agus bhí ana áthas ar na gaibhnibh mar bhí a fhios aca go bhfuigfidís cúpla piúint uaidh. “Seadh” ar seisean leis na gaibhne, “Téanam oraibh agus beidh deoch againn. Do ghlaoidh sé ar leath galún agus nuair a bhí sé folamh ghlaoidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí