Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 135
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí baintreach ina cómhnuidhe i mbaile Uachtarach uair amháin agus bhí sé ana bhocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí baintreach ina cómhnuidhe i mbaile Uachtarach uair amháin agus bhí sé ana bhocht.
Bhí driothár aici agus sagart donb eadh é agus tagadh sé cúichi cúpla seachtmhain sa t-Samhraidh i gcómhnuidhe nuair a bhíodh na laétheannta saoire aige.
Ní raibh aon chlann aici agus bhí sí in a cómhnuidhe i mbothár beag leithe féin. Uair amháin nuair a bhí an sagart 'ge baile in a laitheannta saoire do buaileadh breóidte é agus tugadh an dochtúr chuige. Tháinig se chuige cúpla uair agus ní raibh aon fheabhar ag teacht air, agus dórduig an dochtúr do dul isteach san óisbuidéal agus tamall a chaitheam ann agus go mbéidir go saghadh sé i bhfeabhas. Dúbhairt an mnaoi go raghadh sí fein isteach cun aire a thabhairt do an fhaid is a bheadh sé istigh toisg na' raibh aon nídh lé dhéanamh aige baile aici agus ní raibh aon airgead aici chun díol as banaltra.
Chuaidh an sagart isteach san Óisbuidéal agus chuaidh an bhean isteach leis chun aire a thabhairt do. Bhí an sagart ana bhreóidhte an chéad seachtmhain agus dubhairt an dochtúír ná mairfeadh se inaonchor. Bhí brón agus briseadh croidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Uilliam Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill na gColmán, Co. Chiarraí