Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 154](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_154.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 154
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 154
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Uair amháin bhí cailín ina chómhnuidhe i gCillmhicadomhnaig ...”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus nuair a bhí sí aníos ag Cnoc na h-Abhann ag teacht abhaile bhuail an buachaill leithi ar chapall iallaite. Dúbhairt sé léithi dul anáirde ar an gcapall in einfheacht leis go dhein. Shuidh sí ar an dtaobh thiar do agus bhíodar ag cainnt agus ag cadráil dóibh féin ar an bhóthair. Nuair a shroiseadar CeannTrágha chuadar siar an Tráigh.
Bhí an capall ag imtheacht go hana mhall agus cheap sí ná sroisfeadh sí an bhaile go deó. Bhí se chómh mall san. Sa deire dúbhairt sí leis an buachaill "sour ar a gcoir agus gan an cos ann agus gan aon bhrígh ins an corp ach oiread le cúmhrán na h-abhann."
Siné an uair a thuig an cailín go raibh bse caillte agus thainig eagla uirthi.
Nuair a tháinig sé chómh fada le roilig Fionn Trágha stop sé an capall agus thug sé an srian do'n gcailin chun an capall a choimeád. Leim sé fhéin anuas agus chuaidh sé isteach sa roilg agus thosnuig sé ar pholl a dheanamh chun i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Súileabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Chiarraí