Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 230
- XML “Rí Fiolar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chonnaic sé dubhachtaint na gcnoc is na sliabh de éanlaithe ag déanamh fen gcruithneacht. Do bhí aon éan mór ina measc agus nuair a thúrluing sí siúd do bhris sí an cruithneacht cúig rainne ar gach taobh de le'n a dhá sciathán.
Thug sé fúithe leis an urchair as an nguna agus chuir sé piléar 'na sciathán. Bhí an téan trom is n'fheudfadh sí eitilt agus rug an mac uirthi agus thug leis abhaile í.
"Na maribh me inaonchor" a dubhairt an téan leis, "ach tabhair mo dhóthain cruithneachtan dearg is fíor uisce dhom agus nuair a cneasochaidh mo sciathán tabharfad marcuidheacht duit ar fuaid na dútha.
Thug sé go leór do ar feadh trí seachtmaine agus indeire na haimsire dubhairt an téan é thabhairt amach feuchaint an bféadfadh sé é thabhairt ag eitilt. Tástáil sé is má dhein deirig sé anaírde is é sin agus a dhá chois leathta air aige. Ní fada ináirde a bhí sé nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Chiarraí