Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 260
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí rí 'na chómhnuidhe i gCaisleán Ráthchonáin na céadta bliadhain ó shoin agus bhí arm mhór aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)saighdiúr bocht agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfad sé nó cá raghadh sé. D'imthig sé leis agus ana bhriseadh croidhe air agus nuair a tháinig se chómh fada le Mám-a-Násag [?] chuaidh sé isteach i seana thig chun loisdín na h-oidhche a dh'fhághailt ann. Ní raibh sa tig seo ach seana chailleach draoidheachta agus nuair a iarr sé lóisdín na h-oidhche uirthi dubhairt sí ná tabharfadh. Bhí sé ag gabháilt di ar feadh tamaill maith agus sa deire dubhairt sí leis go dtabharfadh ar aon choingeall amháin agus bé sin an gáirdín abhí ar aghaidh an tighe a bhaint lár 'na mháireach.
Nuair a dh'eirig sé ar maidin thosnuig sé ar an ngairdín abhí ar aghaidh an tighe a bhaint agus ní raibh sé críochnuighthe aige go dtí an oidhche. Ansan lorg sé lóisdín an oidhche sin ar an gcaillig ach ní thabharfadh an sean chailleach do é. Bhí sé ag tathant uirthi ar feadh a bhfad agus sa deire dubhairt sí go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí