Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Prátaí
    Cuirimíd prátaí gach aon bhliadhain. 'Sé an chéad rud a dheinimíd ná an talamh do leasú le h-aoileach na mbó, na gcapall, na muc. Annsan riascáilimíd cuid de agus fágaimíd cuid eile dhe le h-iompóghadh. Gearrann na sean mhná na scioltáin. Deir siad ná déanfadh sé an gnó súil a fhágaint i sgioltáin gan an chuid cheart de'n bhiadh d'fágaint ann chómh maith. Is é an tslíghe a cuirtear ins an talamh riascálta iad ná, trí sgioltán treasna i bhfód trí cosa corcán. Annsan deintear an chré do thaoscadh isteach ortha le sluasaid. Sé an tslíghe a chuirmimíd fé sgríb iad ná fód d'iompóghadh ar dtúis. Annsan leathtar sgioltáin in aice san ó bhun go barr an ghoirt. Iompuightear sgríob eile isteach i gcoinnibh an chéad cinn ag clúduightear an sgioltán san. Anois leath-tar sgioltán ins an dá chlais agus iompuightear fód isteach i ngach clais
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Gribhthín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Gribhthín
    Inscne
    Fireann