Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “An Tobar Caoch - Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Tobar Caoch.---tobar beannuighthe.
    Tá an tobar seo i bPáirc Pheadair Uí Chaománaig i Mám a' Ghurráin sa pharóiste seo. Deirtear gurbh tobar beannuighthe é fadó agus go dtugadh daoine turas ann. Tá leacacha 'na seasamh mór dtimcheall air. Úsáidtear an t-uisce anois i gcóir gnóthaí tighe agus araile.
    Bhí bhean bhocht ag bailiú déirce ó thig go tig fadó agus níorbh mhaith an earra í, d'réir deallraimh mar do thugadh sí a mallacht d'aoinne ná beadh go maith dhi. Tháinig sí go dtí Mám a' Ghurráin lá agus shuidh sí inaice an tobair an fhaid a bhí sí ag ithe píosa aráin. Tháinig na h-éanlaithe chun brúscar an aráin d'ithe ach is amhlaidh a chaitheadh sí an brúscar isteach sa tobar ar eagla go bhfhaigheadh na h-éiníní é.
    Ansan chrom sí síos chun deoch d'ól as an tobar ach braon níor eirigh léi d'fhághail. Chuaidh an tobar i ndísc an uair sin, agus rud ní ba mheasa ná san do chaill an tseanbhean a radharc ar an láthair.
    B'shin é an fáth gur glaodhadh an "Tobar Caoch" ar an dtobar úd. Tá uisce maith agus fuighleach de sa tobar ó shoin airís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Brosnacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mám an Gharráin, Co. Chiarraí