Scoil: Scoil N. Erc
- Suíomh:
- Baile an Mhúraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Erc
- XML Leathanach 296
- XML “Cluichí don Aos Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Buille beag dá phéicín
Agus crap isteach an fhideógBíonn slat ar an gceann siamsa agus mar abrann sé na focail seo shuas leagann sé an tslat ar chosaibh an duine dá dtuiteann an focal deiridh.
Crapann sé isteach a chos láithreach. Deintear an cleas ceudna arís agus arís nú go mbeidh gach eile cos crapuighthe isteach aca acht aon chois amháin.
An té thárla do a chos bheith amuigh caithfhidh sé dul síos ar a ghlúinibh agus a cheann cromtha fé. Bíonn an ceann siamsa na sheasamh os a chionn agus ag gabháil sa drom air ag rádh mar seo:- Cnugaide, Cnagaide
agus lár do dhroma-sa
amach as an gcoill
isteach sa choill
Cé méid adarc ar an bpocan puic
sé sin le rádh-cé méid meur atá suas agam.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Bean Uí Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)