Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhghlas (C.)
  2. XML Leathanach 401
  3. XML “Féilte na Bliana - Lá Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bealtaine cun onóir a tabhairt do "Máthair Íosa Críost". Do thógaidís coinneal amach ins an cró cun ribí gruaige a bhíodh ar uth an bhó do dhoghadh. Ní raibh cead aca an luaithridh do caith amach as an buicéad Lá Bealtaine. Ní raibh cead aca teine do dhéanamh ar maidin go dtí go bhféiceidís gal ag teacht as tig an t-sagairt. Do bhí ortha cómhartha na croise do dhéanamh ar muin na mba le bainne an maidin sin mar deirtear go mbíodh na daoine maithe ar faire ortha agus gheibheidís cómhact ó'n diabhal ar feadh trí lá cun na ba agus leanbhaí do thógaint. Théigheadh a lán daoine amach ar maidin sin agus nighidis iad féin leis an ndrucht agus d'fhanaidís amuigh fé'n gréin go dtí go mbiodh a n-aighthe tirim. Deireadh go mbíodh croiceeann geal aca má 's rud é go ndeineidís é sin. Seo bhéarsa mar gheall air ach is oth liom a ráth nách bhfuil sé in gaedhilg agam.

    " They washed their faces in water that never rained or ran,
    And they dried them on a towel
    That was never woven or spun".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Bealtaine (~639)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí