Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Scéal mar gheall ar Phiast”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal mar Gheall ar Piast.
    Bhí duine uasal ann fadó, agus bhí adhbhar chuda sa tsaoghal aige.
    Bhi cailín ana bhreag d’inghin aige Bíodh chuid mhaith ag teacht fé na gcéin, fhead go bhfaighidís í.
    Ni raibh aon dul aige Narrí d’fhagáil.
    Bhí piast mhór sa loch, agus ní raibh ag an té a mharbhóchadh an piast, ach Narrí d’fhaghail.
    Ní thagadh an piast isteach ach uair sa seacht bhlian, agus do trial chuid mhait piast, ach ní feadach í mharbhughadh, agus nuair imtigheadh sí amach an lá san gan marbhughadh, agus ní aon uair a thaghadh sí isteach, ná dheinead sí an domhain diabhail ar an duine uasal.
    Chaill sé na ba agus na chapaill.
    Ní bheadh coirce na prátaí aige an bhlian sin.
    Chuirfidh sí an áit go léir chun báis, agus do shéadad dí gaoth agus ní fhásad aon ní an bhlian sin, i mí na bolg.
    Bhi fear ag teacht I gcomnuide chun í d’faghail.
    Cheap sí, go raibh sí ró fhada gan phosadh, agus dubhairt sí le n-áthair,
    Cad na thaobh nár coiméad sé duine éigin acu.
    Dubhairt a hathair lei na raibh aon dul aici pósadh, ach an té a mharbochadh an piast.
    B’in é a gheobhadh í, agus a áit féin.
    Bhí an aimsear suas amárach, agus bhí seacht blian eile suas.
    Riacht agus reaba le thabhairt suas agus an inghín d’en té a mharbhodhadh an piast.
    Tháinig maidean amhárach agus tháinig an piast isteach agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig F. Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Raithille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí