Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 011
- XML “Fear Santach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-fear an uair amháin agus chaith sé a shaoghal ag bailiughadh airgid. Bhí sé chómh sanntach sin ann nárbh mhaith leis sgaramhaint leis nuair a bhí sé a' fághail bháis. Chuimnigh sé ar bheart len é a thabhairt leis 'un na h-uagha. D'orduigh sé é a bhruit. Bhí dúíl ag a inghin san ór freisin agus in ionad é a bhruit mheasg sí im agus bainne le cheile agus rinne measgán maith don sean-fhear. Nuair a bhí sé bruidhte bheitheá cinnte gur ór a bhí ann agus ba é an sgéal céadna leis an sean-fhear. Shlug sé an measgán siar go h-alpach agus nuiair a shíl sé go raibh an ciste slán in a bholg d'éag sé go sásta.
Annsin thainig an t-inghin isteach i gcóir an airgid go léir.- Bailitheoir
- Pádhraig Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caisleán Carrach, Co. Shligigh