Scoil: Scoil na mBráthar, Tralee (uimhir rolla 16704)
- Suíomh:
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Mícheál Ó Ruairc Ss. Ó Ruacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Tralee
- XML Leathanach 052
- XML “An tAthair Domhnall Ó Súilleabháin agus an Buachaill Tagartha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhi an tAthair Domhnall Ó Súilleabhain ag dul ag léigheamh an Aifrinn i n-Uibh Rathaigh maidin Domhnaigh áirithe bhi sgata garsún ag imirt báire iománuidheachta ar an mbóthar. Tháinig ceann de's na garsúin treasna ar gharsún eile agus dubhairt sé leis "T-anam chun diabhail, fair deas". Le linn dó na bhfocal do rádh cé phreabfadh isteach ortha acht an sagart. "Nach cóir duit bheith ag an Aifreann ná bheith ag eascainighe annso" arsan sagart leis. D'fheac sé siúd ar an sagart agus dubhairt leis "beimid ann chomh luath leat-sa". "Nach tagartha an garsún thú" arsa'n sagart "b'fhéidir ná fuil do phaidreaca chomh maith agat". "Tá siad agam chomh maith agus múineadh dom iad" arsan garsún. Do dhruid an sagrt leis isteach agus láimhsigh ar chluais air. D'fiafruigh sé dhe an mó dia a bhí ann "bog de'm chluais" arsan garsún "agus n-eosfaidh me dhuit é". D'fháisg an sagart an chluas aige. D'fiafruigh sé dhe arís an mó dia a bhí ann. "bog de'm chluais" arsan garsún agus n-eosfaidh mé dhuit é".D'fáisg an sagart arís go maith aige agus d'fhiafruigh sé dhe an mó dia a bhí ann. Bhog sé annsan dá chluais agus dhruid an garsún uaidh amach agus d'iompuigh sé ar an sagart agus dubhairt "Tá's ag dia" ar sé " dá mbeadh lán páirce acu ann má n-eosfainn aon cheann amháin anois duit".
- Bailitheoir
- M. O Ruairc
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Maoileoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí