Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 296](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0441%2FCBES_0441_296.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 296
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 296
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seisean "Nách bhfuilir-se amuigh chó-déanach. Níor labharadh fochal eile agus chuireadar chun bóthar, Seán ag dul ó thuaidh agus an fear eile ó dheas. Bhí fhios ag Seán go rí-mhaith go raibh rud éigin uathbhásach i ndán dó agus do bhearthuig sé casadh ach ní leigfeadh an t-eagla dhó é. Do shrois sé áit áithrid ar an mbóthar ar a dtugtar Carraig an Oighean. Do chonnaic sé spirid ag teacht ina threó i bhfuirm churráin agus spréácharnaigh ag eirighe as. Do bhí sé ar rith amach roimis i gcomhnuidhe go shroiseadar sruthán beag ag rith treasna an bhóthair. Tá sé ráidthe nách ndeachaidh le spirid dul treasna sruthan ar chor ar bith. Nuair a tháinig an spirid chómh fada leis an sruthán do stad sí agus d'imthigh sí as radharc an duine síos isteach ins an ngleann taobh thíos.Do lean Seán air agus é ag craithead ó bonn go bartheas le faithchíos agus le h-eagla. Nuair a shrois sí Tráighlí do bhí luath go leór ar maidin. Do dhíól sé chuid de's na prataí do dhuine éigin ins an mbaile ach do dhíol sé a bhfurmhór le sagart. D'innis sé a sgeul do'n sagart ó tosach deire i dtaobh mar a chas an fear leis agus an chaoí inar labhair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fóghlúdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Fóghlúdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí