Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in aice an Chaisleáin agus ní raibh aici acht bó amháin. Cuir Ó Donnchadha fios uirthi acht an bhean bhocht tháinig brón uirthi ní nác iongnad agus dubhairt sí leis an teachtaire nár bféidir leí scaramhaint leis an mbuin mar ní raibh aici acht í. Nuair a chuaidh an teachtaire ar ais go dtí an caisleán d’innis sé an scéal do’n taoiseach. Tháinig fearg air agus dubhairt sé ná raibh aici acht mach amháin leis. Gabhadh é agus coimeádadh é i bpriosún ar feadh seachtmhaine. Chuaidh cara an bhuachalla go dtí an taoiseach cun a phárdún d’fagháil agus sé an freagra a bfuair sé ná “Téanam ort go dtí an ubhallgort (mar a crochadh an buachaill bocht leath-uair roimhe sin) agus seo dhuit é agus beir leat é.”
An bhaintreach bhocht bhocht bhí sí as a mheabhair agus chaith sí í féin ar a dá glúin. Cuir sí mallacht (air) seacht sliocht air agus ó’n lá san amach ní raibh lá ratha aige ná ag a sliocht.
Ainm an duine ó’n a bhfuaireas an scéal uaidh:- Diarmuid Ó Loinghsigh
A Sheoladh – Cúsán, Gleann Fleisge,
Cill-Áirne
A Aois - 75 bl.
A slighe-beatha – Buachaill aimsire le linn a óige agus tá an pinsin aige anois.- Faisnéiseoir
- Diramuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí