Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 190
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piseoga10. Teine Bealtaine: -
Gan aon teine d'fhágaint taobh amuigh den doras Lá Bealtaine.11. Is gnáthach cuigionn do dhéanamh ins gach tigh feirmeora Lá Bealtaine agus cuid di [a] choimeád istigh i rith na bliana chun leigheasanna do dhéanamh. Coimeádtar i seanmhuga é; agus tá an béas ann láithreach.12 Seanbhéas: - Nuair a fhaigheann duine bás is gnáthach le na daoinibh culaith nuadh nú an culaith éadaigh a bhíodh á chaitheamh aige a thabhairt do dhuine eile ar son anam an duine mhairbh. Théigheadh an té a bhíodh cgun iad do thógaint agus iad do chaitheamh; théigheadh sé ar a ghlúinibh agus iad [d'] iarraidh ar son Dé agus ar son anam an duine gurbh leis iad. Bhí sé d' iachaibh (=fhiachaibh) air iad do chaitheamh trí Domhantaí i ndiaidh a chéile ag an aifreann.13. Cómhra: - Níl sé ceaduighthe clúdach na cómhran[n] do bheith uirthi agus í ag dul isteach sa tigh. Leagtar in aice an fhalla í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí