Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Obair na nDaoine Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do chonnaic mé muinntir Ghleann Ghairbh ag dul go Neidín a mbróga mar a dubhras agus gan aon trácht ar chasóig mhóir le linn a mbeatha. Do mhair a lán daoine i mBunán nár chaith casóg mhór riamh.
    Pé obair riachtanach a bhíodh á dhéanamh bhíodh meithiol aca. Bhíodh meithiol ag an bhfeirmeoir ag baint móna, agus sara mbíodh béile bídh ithte aca bhíodh an chéad fhód den bport (80 nú níos mó slat ar [a] fhaid) bainte agus ní bhíodh chun breacfeásta acht prátaí plúracha agus bainne reamhar mar annlan. Ba ghnáthach leis na fearaibh tamall den tráthnóna a chaitheamh ag rith nú ag caitheamh truslóg lámh leis an bport. Bhíodar go hiongantach leis nuair a dheineann tú machtnamh ar an saghas bídh a [d']ithidís (n-ithidís sa lámhscríbhinn) le linn an ama sin. Do mhair fear i gCúl na gCupóg, i mBunán agus tar éis greas reatha - fiche slat [a] léimeadh sé go haicillighe thar dhruim chapaill áird a bhí ag duine eile, agus dheineadh sé an gaisce céadna ón dtaobh eile. Chuireadh sé slat fhada ar bharr cluaise duine a bhí suas le sé troighthe is ceithre órlaighe ar aoirdeacht go barr cluaise duine eile agus léimeadh sé thar an treasnán gan aon duadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí