Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 239
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Drochghoile: - Bhíodh crann truim ag fás leasmuigh de dhoras gach tighe an uair sin. Deintí saghas fíona as na caoraibh agus óltaí é agus deirtí go raibh sé an-fholláin.
Drochghoile: - Seana-chré a bhíodh le fagháil fén sceich ghil nú fé áirní. Cuirtí uisce air trí uaire i ndiaidh a chéile agus óltaí an uisce deirineach. Pé rud ná réidhtigheadh le goile an duine, chuireadh an deoch sin fonn múisge air agus tá aithne agam ar dhuine a bhain triail as an leigheas sin. Bhí sí go dona le trí seachtmhainí tháinig bean eile isteach chuice agus do dhein sí an deoch di agus i gceann leathuaire a chluig bhí an bhean chomh maith is do bhí sí riamh.
Pian fé d' easnachaibh: - Cloch bhán do choimeád san áit ina mbíodh an phian acht choimeádadh daoine eile ina mbéal é.
Dealg id' láimh nú id' chois: - Choimeádaidís teanga an mhada ruaidh chun é do tharrac amach. Teanga do choimeád san bhall ina mbíodh an dealg agus i gceann naoi lá thiocfadh sé amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí