Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 261

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 261

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 261
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Seo go deo leo trí treap na cómhrann
    le "Buggie Nóra" agus "Clampar"."
    B'in é an tiománaidhe acht 's é tuairim na seandaoine gur cuireadh cuid dosna daoinibh in áiteanna eile seachas Teampall Fiachna. Tá lisín na mban i gCúil na [g]Cupóg agus lisín i gCnoc Dubh agus tá a lán uaigheanna móra le feiscint agus uaigheanna móra fada is eadh iad go léir.
    Bhí muilean[n] i nDún na mBárc i mBeanntraighe an uair sin agus pé duine go raibh airgead aige théidheadh sé ann ag iarraidh min choirce. Bhí fear ina chómhnuidhe i mBarr Iarthach an uair sin agus nuair a tháinig sé isteach lá dubhairt a bhean ná raibh oiread agus grán coirce sa tigh aice. Níor dhein sé ach breith ar mhála agus amach an dorus leis fé dhéin an mhuilinn. Chuaidh sé treasna an chnuic go Gleann Garbh agus as son go Beanntraighe agus le méid daoine a bhí bailighthe ag an muileann ag iarraidh min choirce b'éigean do fanacht ann dhá lá gan blúire ag a chlainn sa bhaile.
    Triochad blian ó shoin d'airigheas fear a rádh nuair do mheath na prátaí an chéad bhliain, choimeád cuid dos na daoine na criocháin chun iad a chur le haghaidh na bliana eile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí