Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 293
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Anois is airís do chídhfeá bróga bun adhmaid á gcaitheamh, acht ní bhíonn siad in úsáid de ghnáth. Leasuightí leathar sa pharóiste fadó mar atá "tanning hole" ar chnocán i lár an tsléibhe i dtalamh Dhiarmuid Uí Shéaghdha - baile fearainn Ráth ar an dtaobh thiar den bparóiste. Cloisim go raibh an leasúghadh sin ar siubhal ann suas le céad blian ó shoin acht níl [a] fhios ag éinne cérbh iad na daoine a choimeád an leasúghadh ar siubhal. Tá an poll le feiscint fós.
Níor airigheas riamh go gcaithtí de sheithí ainmhidhthe timcheall na háite seo, acht fadó nuair [a] bhíodh lá móna aca, bhíodh na fir oibre go léir cosnochtaighthe agus fiú amháin agus clais á dhéanamh nú díog á thaoscadh ní bhíodh bróga ar na daoinibh. Do chonnaic mé daoine ag teacht ó Ghleann Garbh go Neidín dachad blian ó shoin a mbróga ar a ngualnaibh chun go mbeidís i ngiorracht ceathrú míle ón mbaile nuair [a] bhuailfidís orrtha iad.Ó Phádraig Ó Laoghaire, Droim an Ghoirtín, aois 74 bl.
Ó Mhurt Ó Séaghdha, Cill an Bhunáin, aois 94 bl.
Ó Dhonnchadh Ó Súilleabháin, Duílios, aois 79 bl.
do fuaireas é. Táid ina mbeathaidh fós.- Faisnéiseoir
- Donncad O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Duílios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Murt O Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Cill an Bhunáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Drom an Ghoirtín, Co. Chiarraí