Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cearnóige agus bhíodh gach rann díobh níos giorra ná an rann eile go dtí go mbíd[ís] trí orlaighe ar fhaid ar a bharr. Chuirimís bualaighe ar a bharr annsan ar eagla go gcuireadh na slata sgeoin ar na héanaibh.Chuirimís bogha righin sailighe ó chúinne go cúinne eile agus annsan [a] gheibhimís "baitín bréagach" nú gabhlóigín chun cur i gcoinnibh an fhráma. Tré lúb na gabhlóige [a] chuirimís slat eile. Bhíodh sé fén bhfráma agus bheireadh sé greim ar an mbogha a bhíodh ó chúinne go cúinne. Gheibhimís slata éadtromatanaidhe annsan agus chuirimís mar lochta treasna an bhogha a bhí lámh leis an dtalamh.Chuirimís caora dearga, sceachóidí, arán nú piasta ar an dtalamh fén bhfráma agus nuair a shataileadh sn t-éan ar an lochta thuiteadh an cliabhán air agus bhíodh an t-ean i bpúnc. Chun breith ar lon [a] bhíodh an cliabhán againn. Agus dá dtagadh spideoigín isteach ar dtúis, gheobhadh sé fógra maith gan teacht arís acht lon do chur (chuir sa lámhscríbhinn)chughainn. Bheirimís orrtha le leacacha leis agus sa tslighe chéadna.(Mé féin do scríobh é.)