Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Uaireanta ní h-aon dóichín é an rud san a críocnúghadh mar pé spré a éiligheann athair an búachalla tairgeann athair an chailín fiche, triocad, nú dachad púnt níos lugha ná an méid sin acht tar éis bheith ag cur agus ag cúiteamh ar feadh tamaill cuireann duine eile a ladar sa scéal agus bíd ag druidim i gcómhgar dá chéile go dtí go mbíonn gac taobh sásta.
    Is minic deireann athair an chailín "Á a Thaidhg bhís ró dhian orm" acht geobhaidh sé mar fhreagra:- " Cad na thaobh ná beinn? Nach bhfuileann tú ag fágáil luach do airgid! Nach bhfuil deic gcinn de bhuaibh deagh-cothuighte ann, seacht gcinn de cearcaosaibh, cúig cinn de laoghthaibh, capall bréagh cómhachtach agus bramac in a dteannta. Nach bhfuil an bannrach lán de úirlisibh maithe, agus déanfaidh an capall an chuid is mó den obair. Nach bhfuaireas féin dhá chead mar spré le Mháire, agus bhí flúirse agus fuighleach aice ó'n gcéad lá a chuir sí a cos thar tháirsig mo tighe. Níl cáin nú cíos ann, fiacha, ná aon cur siar eile orrtha agus má thugann do ingean aireachas dá gnó ní bheidh aon chathúghadh uirthi ná ort-sa ach cómh beag. Agus leis ní isteach san uaigh a bhéarfad an t-airgead: níl éinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge