Scoil: An Clochar, Neidín

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Brighid Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 372

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 372

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Neidín
  2. XML Leathanach 372
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an leigheas á dhéanamh acu. Rún is eadh an leigheas de bhrí sin.
    Tá nós ag daoine áirighthe crúdh capaill do chuir ós cionn an dorais (taobh istigh) agus é iompuighthe taobh síos suas. Ceaptar go dtugann sé raibh ar an dtigh.
    Ma bheireann bó gamhan lá Coille comhartha é sin nach mbeidh aon rath ar na h-ainmidthe i rith na bliadhna sin.
    Nuair a gheibheann duine buidéal leighis ón dochtúir ní ceart d'aoinne é a bhlaiseadh gan an céad bhraon a thabhairt don duine bhreóite.
    Chuala na piseóga seo ag Máire Bean Uí Thuama, Gortleathard, Cillgarbháin
    Fuair sí bás Feabhra 23adh lá 1928 in aois a naoi mbliadhna is ceithre scór. Nhreacas sa leabhar seo iad an 4adh lá d'Abrán 1938/
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Thuama
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort Leathard, Co. Chiarraí