Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fúair Áintín do bhean Uí Sheaghdha bás. Cuireadh í san úaig cúpla lá na dhíadh san. Bhí sórt "bonnet" bán ar a cheann ar feadh an tóramh. Núair a cuireadh san coifín í do baineadh an "bonnet" as a ceann agus cuireadh i mbosca é. Cúpla seactmhaine na dhíadh san bhí duine don líon tíghe ag codail san seomra in a raibh an bhosca. I lár na h-oidhche cúala sé cnag ar an doruis. Cúaidh sé go dtí an doruis agus d'oscail sé é. Ní fheaca sé aoinne ann. Thanaig sé isteach agus d'imthig sé a codhladh. Thanaig cnag ar an bosca an oidhche na dhíadh san. D'oscail sé é agus léim an "bonnet" amach as cúaidh sé anáirde ar fuinneóg agus tar éis tamaill cúaid sé isteach san bhosca airís.An tarha oidhche do thárla an rud ceudna. Bhí eagla ar na daoine a bhí san tig agus bíodar cun é do caitheamh trí Domhnach. An tríómhadh oidhche thánaig cnag eile go dtí an dorus. Níor oscail aoinne é an úair so, act do bhaineadh an glas as tar éis cúpla úaire. Thainig duine isteach sa seomra agus núair d'féach an duine a bhí sa seomra air d'imthig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirín Ní Ghealbháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Sheaghdha
- Inscne
- Baineann