Scoil: Doirín na nDamh (uimhir rolla 5348)
- Suíomh:
- Doirín na nDamh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín na nDamh
- XML Leathanach 343
- XML “Lios an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin, d'innis sé an sgéal seo leaanas domNuair a bhí a athair (mo shean-athair) 'na fhear óg, bhi sé féin agus a dhritheár a' theacht abhaile ó bheith ag airneáin i dtig eile. Oidhche spéir-ghealaighe a bhí ann, agus é ar uair marbh na h-oidhche. Bhí madra ina dteannta mar do bhíodh sé de 'nós ag an maidirín céadhna mo shean-athair do lenamhaint ins gach áit. Tá bóithrín a' rith díreach in-aiche an leasa. Nuair a bhíodar ag teacht aníos an bhóithrín úd, do rith girrfiadh amach as an lios agus treasna an bhóithrín. 'Seadh a rinne an madra in ionad dul in dhiaidh an ghirrfiaidh, ná liathróidín do dhéanamh de féin agus rith idir an bheirt fhear, agus úathbhás an domhain air. Tháinig ionghnadh agus alltacht ar na fearaibh, nuair a chonnacadar cad a thárla. Thosnuigheadar ag iarraidh misnigh do thabhairt don madra, ach ní chorrochadh sé, agus d'fhan sé mar a raibh sé go dtí go shroiseadar an teach agus annsin do rith sé fé'n mbórd, agus eagla air fós. Chuaidh an bheirt a chodhladh agus nuair d'éirigheadar ar maidin, chualadar go raibh fear sa chomharsanacht tar éis é féin do bhádhadh an oidhche roimhe sin.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Clubháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buaile na nDamh, Co. Chiarraí