Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 385

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 385

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 385
  3. XML “Amhráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhráin

    A Chaití oscail an doras

    (I)
    A Chaití arú oscail an doras,
    Tá an oidhche seo fada is é fuar,
    Níl solus ar réaltan ná gealaige ann,
    Is tá mo croide leata leis a bhfuacht.

    Cuirfeá:-
    Ó táim in a ríarsa 'na ríarsa,
    Is táím in a ríarsa sa tigh óíl,
    Ó táím in a ríarsa in a ríarsa,
    Is baoghal liom ná díolfaidh go fóil.

    (II)
    An Canny a tógfá san aonach,
    An Druimín is an Crón,
    Do pháiste gan tíunte don éadach,
    Do crochadh 'na ndiaid sin ba chóír,

    Cuirfeá:- Ó táim:-

    (III)
    Muise is mór iad mo cáirde ar fuaid Éireann,
    Nuair a bhuailfidh ar aonach an treó,
    Chuireadh a thugann siad go léir dom,
    Is mo náire gan braon a thabhairt doibh.

    Cuirfeá:- Ó táim:-

    Ainm agus seóladh an té a thug an méid eólas thuas i ngaédilg dom:-
    Séamus Ó Cobhthaigh
    Ceathrú-na-hAbhann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cobhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí