Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 171
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sicíní agus góislíní ba rath mór ortha bheith amach. Dheinidís gan biadh. Cheapaidís go luigheadh ortha súil an duine.Duine sínte thar a léimfeadh duine eile ní fhásfadh sé puínn.Leanbh na chodhladh amuigh i gcómhnuidhe Chuirfí ar a ucht crios as luachair.Nuair ná beadh an rath ar na macaibh.
Chuirfí ainm cúl le cine ar an leanbh mic óg.Nuair a gheibheadh fear bás dhíoltaí a chapaill i gcómhnuidhe.Raghadh a bhean don Teampall ‘na suidhe ar an gcomhrainnGan ac’ rud thabhairt i n-aiscidh gan fághálteas éigin mar biorán nó cnaipe.Culaith nua do chur le h-anam an duine mhairbh. Bheadh ar an dhuine gheibheadh san dul ar a luigheadh trí Domhantaí chun AifreannSop le circ, sin comhartha sochraide do mhuinntir an tigheCoileach ag glaodhadh i n-antráth tuar bháis.