Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Píosa Filíochta”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mo bhreithre
    As go dtabairfinn an saoghal a bheith sealadh id’ treó
    Ag siubhal le na céile trí coillte na gcraobh glas
    Trí gleannta trí sléibhte trí cnocaibh an cheóigh.
    24-11-1936. Caitlín Breamaí
    Ó béal aithris Muiris Uí Chonnaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgeal
    Bhí fear ann fadó agus do chuir sé beirt ban a bhí aige agus ní raibh sé sásta gan an tríomhad bean do phósad. D’imthig sé air cun cleamhnas do dheanamh do féin agus níor stad go dtí gur chuaidh sé go Neidín. Chuaidh sé isteach i dtig go raibh cailín óg. D’fíar fear an tighe de cad a bhí uaid. Dubhairt gur ag lórg mná a bhí sé. Ó arsa fear an tighe is maith mar a thárlaig. Tá sé anso agamsa agus má deinimíd an tsocrúgad agus má thaithnigheann sibh féin le na chéile. Do dheineadar an cleamhnas gan moíll agus do cuadar go dtí an sagart cun an socrú a dheanamh. Seadh arsa sagart leis an ógánach ní féidir liomsa tú do pósad gan teistiméireacht do shagart paróiste do beidh agam ar dtúis. Ó, ní dhéanfhaidh san aon deifir arsan t-ógánach, geobhaidh mé é gan moíll. D’imthigh sé air go dtí a shagart féin cun an teistiméireacht dfághail uaidh. Conus dfeadfhainn é sin do dheanamh arsan sagart agus nar fiú tú é. Ó, ar son Dé Athair tubhair dom é ar slighe éigin. Fuair an sagart páipéar agus do scríobh sé ann:
    Níl aige bóthán tighe ná troscán, agus is minic ar an gcnocán é ag bruingheatach.
    Do mhairbh sé Siobhán an tarna leannán agus ní taise don donnán a bhí aige roimpe.
    Bíodh sé ag gabháilt de smután idir a dá slinneán agus ba mhinic í ar féurán i dtig a muintir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Chonnchúbhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Connchúbhair
    Inscne
    Fireann