Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 281
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith fé do bhreitheamhtas an cuairt seo chúghainn ach tá sé fé thriall roimh breitheamh níos aoirde ná aoinne anois". Do tháinig lá na cúirte agus glaodhach a chás agus ní raibh an duine bocht ann, chun freagairt. Do cuardach an cúirt istigh is amuigh, ní raibh tásc ná tuairisc air agus i ndeire an cuardach d'iarr an breitheamh ar Domnall Ó Connaill, an raibh aon tuairisc aige ar an bhfear seo. "Tá" arsa Domhnall, tá sé caillte, ar caoine de'n torramh a cuadhmar araon ann, nuair a bhí tú chun mise d'fheisgint, "Is cuimhin liom go maith" arsa an breitheamh ag breith ar an bpeann is bhuail sé an chás amach.
Do bhí san go maith, ní fhéadhfadh an duine bocht dul anall ó'n dtigh, mar dubhairt an "Couneiléir" dó gan corruighe anall on dtigh, ach lá amháin, do thug a agaidh an Curreán ar gnó éigin. Do bhí sé ag cuir de, go dtí gur chuaidh sé go dtí Cuma-Císte, acht cé cídhfeadh sé teacht ina choinne acht an Ministher ag marcach ar capall diallaithe, acht má chonnaich, níor chas sé. Nuair a chonnaic an Ministher é sin, do scannraidh sé é. Do cas sé a chapall timhcheall agus do rith sé go maith leis, gur shrois sé Curreán, agus d'fhág sé Curreán an lá 'na n dhiaidh agus níor fhill sé go brath arís.- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchudha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Murchudha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)