Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 289
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)brath nuadh díon ar an dtigh, nó éadhach dath mhail ar na mnaibh, nó ar an gclann, bheadh éirighthe ar an gcíos laithreach, agus níorbh 'é aon mhaitheas d'on bhfeirmeóir a bheith ag gearán a cháis leó.
Ní thuigheadhar a chás agus da dtúigfidhís féin é. Ní bheadh truaigh mheil ná scrupall 'na gchroidhe. Ní raibh uatha acht airgeadh agus bá chuma cá bhfuighfibhe dóibh é. Acht b'é donas an scéil é, na raibh greim dainghean ag aoinne acha ar a bpaistibhe talmhan, agus ná raibh a bhach ar mháighistir ná an tighearna acht iadh do chaitheamh amach ar an mbóthar aon uair ba mhaith leó. Bhí an dlighe ar thaobh an máighistir ó thúis go deireadh. Níor leis an bhfeirmeóir an talamh 'na a chuidh phrataí, ná a chuidh coirce. Níor leis an tígh bo chosann ó'n acr na h-oidhche é. Bá dheachair cíos trom do dhíol as smut de sliabh a bhí aige, agus a muirigean do chothughadh 'na theannta san. Muna ndiolfaí an cíos go mbheadh an feirmeóir agus a chlann amuigh ar an mbóthar agus an tig is an áith ag an máighistir.
Na tigthe a bhíodh acha an uair sin, bhíodh siad go h-olc. Bhíodh deatach dá ndalladh, is an braon anuas ag breachadh a gcuidh éadaigh. Bá donasach an saoghal a bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchudha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam O' Mhurchudha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí