Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 260
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“San áit ina leagtar an crann 'seadh bíonn na cuisleacha….”
(ar lean ón leathanach roimhe)Seo chúgainn, seo chúgainn, seo chúghainn an chaora.
Ní fheicfeadsa,ní fheicfeadsa, ní fheicfeadsa arís tú
Thabhairfeá bainne dhom, tabhairfea uan dom
Chuirfeá jaiceidín deas ar mo ghuailnibh(gan teideal)
“Tá an oídhche ceapuighthe chun suaimnis dos na beóibh….”
Tá an oidhche ceapuighthe chun suaimhnis dos na beóibh agus chun eólais dos na mairbh.(gan teideal)
“Sgoil, ceardta, agus séipéal na trí áiteanna….”
Sgoil, ceardta, agus seípéal na trí áiteanna is uaignighe le fághail.(gan teideal)
“Chuireadh na fir fadó a gcuid gruaige isteach i bpoll…..”
Chuireadh na fir fadó, a gcuid gruaige isteach i bpoll san bhfalla ar eagla go bhfaghadh na préacaín í, agus annsan go mbeadh tinneas cinn ortha i gcaitheamh na bliadhna dá bhárr sin.(gan teideal)
“Dá mbeinnse féin 'im éinín circe….”
Dá mbeinnse féin im'éinín circe
Agus aghaidh mo ghob ar an stáca
Do thógfainn liom mo bhisín coirce
Agus raghainn ar an loctha anáirde(gan teideal)
“Deirtear gur fear é Jack o' the Lantern….”
Deirtear gur fear é Jack o' the Lantern a bhí ró mhaith chun é a chur go h-Ifreann agus ró olc chun é a leigint isteach i bhFlaitheas Dé.(leanann ar an chéad leathanach eile)