Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na threo. Nuair a chonnaic sé chuige í cheap sé go raibh bás obann indán do, mar ní raibh an scian ná an maide droighin ná chú fhíor dhubh aige. Sar a thosnuigh an troid eatortha, do thosnuigh sé ag amhránuidheacht. Do dhein sé amhrán dí. Seo an t-amhrán.
(I)Sí Bean Dhubh an Ghleanna,
An Bhean Dhubh is fearra,
Sí Bean Dhubh do dheise gáire
Da bhfaighfhinn-se feín mo rogha
Do mhnáibh deas' an Dhomhain
B'í Bean Dubh an Ghleann 'do bfhearr liom.
(II)Nuair a gheobhann sí uaim amach
Cailligheann an ghrian a teas
Fuilligheann an geallach le grádh leí
Dá bhfaigfinn-se feín mo rogha
Do mhnáibh deas' an Dhomhain
B'í Bean Dhubh an Gleann 'do b'fhearr liom.
Le linn an amhráin abheith ar siubhal aige bhí sé ag druidim cuig sruitheáin abhí ag snigeadh trid an nGleann. An fhaid is abhí sé ag amhrán níor thug an spirid fé ndeara cad abhí dá dheanamh aige, ach ní tuísge a stad sé ná chonnaic sí go raibh sé ag ealódh uaithí, mar ní féidir le sprid dul thar uisge. Díreach nuair abhí an capall ag léimint thar an sruitheán tharraing sí buille air agus is amhlaidh a dhein sí dhá leith den chapall. Thuit an fear óg ar an dtaobh eile den sruithean. Thug sé buidheachas do Dhia go dtáinig sé slán as agus geallaim-se dhuit ná raibh sé amuich ar an mbóthar céadna aíríst comh dhéanach san.CRÍOCH- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí