Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 411
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tímcheall dhá chéad agus caogadh bliain ó shoin nuair a bhíodh muinntir Conaill i nDoire Fhionáin do bhíodh cuid mór de smugiléireacht ar suibhal tímcheall na hÉireann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ag smugiléireacht go tíortha iasachta agus do tógadáis óir agus síoda luacra agus a lán rudaí luachra eile abhaile leo.
Do thagaidís isteach i gCuan beag i nDoire Fhionáin agus do ghlaoidhís "Smugglers Cove" ar an gcuan sin. Do chuidirís na rudaí luachra i bhFolach i gcuasanna. Uair amháin nuair a bhíodar ag teacht isteach go Doire Fhionán do rith Gardaí an cósta ina ndiaidh agus bhí ortha dul isteach go Cum a Chiste. Do glaoidís "Revenue Men" ar na Gardaí Cósta an uair sin.
Nuair a cuadar isteach go Cum a Ciste bhí ortha pé rud a bhí aca d'adhalacha san talamh. Dheineadar casan ó Cum a Ciste go Doire Fhionán. Deirtear leis go bfuil a lán óir agus rudaí luachra i bfolach i gCum a Ciste. Ainm bearla do Cum a Ciste 'seadh "Killock of Treasure".(gan teideal)
“Ins an saoghal fadó fadó aimsir na sean daoine bhí airgead ana ghann agus ní raibh puinn bid le nithe ag fórmhór des na daoine agus ní raibh siad abalta an biadh a cheannach.”
Ins an saoghal fadó fadó aimsir na sean daoine bhí airgead ana ghann agus ní raibh puinn bid le nithe ag fórmhór des na daoine agus ní raibh siad abalta an biadh a cheannach. Bí feirmeoir bocht ína comhnaide thiar sa Graínuighreact agus bí seachtar de cloinne aige cun íad do beatú. Bí sé ag sglabuigeact dé daoine eile. Do theip air lá amháin leis an ramhan a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadg Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Faiche an Aonaigh, Co. Chiarraí