Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I n-aimsear na Féinne bhí sean-chailleach ann agus do thuit sí i n-grádh le fear darbh ainm Domhnall, agus gach áit a théigheadh Domnaill do casfadh an chailleach air. Níor thaithnigh sin ró-mhaith le Domhnall.
Lá áirighthe bhí sé ag dul a ' seilg. Connaic sé an chailleach ag teacht chuige agus níor mhaith leis iompáil uaithe; acht ní raibh dul as aige mar a léimeadh sé trasna na h-abhann a bhí rómpa, ó'n fhaill i bhfus go dtí an fhaill thall. Thug sé faoi 'na dhéanamh acht theip air agus isteach san abhainn leis.
Thug an chailleach an léim 'na dhiaidh agus d'éirigh léi. Nuair a shrois sí an taobh eile d'fhéach sí 'na timcheall ag féachaint cá raibh Domhnall , agus nuair a chonnaic sí gur thuit sé 'san abhainn chuir sí gáir magaidh aiste, "Muise nach mise an óinseach chriochnuighthe" adubhairt sí "agus grádh a thabhairt d'on spriosán sin". Tugadh "Coiscéim na Caillighe" ar an áit sin ó shoin i leith.Bhí bean shanntach i mBaile na Scealg fadó agus bhí ana-dhúil ag a fear-chéile ar feóil na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí