Scoil: Aughnahilla, Stradbally (uimhir rolla 16017)
- Suíomh:
- Achadh na hAidhle, Co. Laoise
- Múinteoir: Annie Lawlor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Daingean maordha úd agus dhéanadar sprios spreas de. Níos déidheanaighe dhéan Seán Parnell iarracht ar aé a mhaisiú mar-bhí se in calóid- afus é bheith mar áit comhnuighthe aige. Acht doirteadh an iomarcha fola san sean tógáil úd agus ní raibh sé ceapuightha ag Dia go mbéadh sé seasamhach arís. Tá na fallaí le feisgint anois íad cómh lom le chlár 'na bhfothracha a cuirfeadh uaigneas agus díombáidhj ar an dté a bhíos ag breathnú orra. Ó dheas uaidh sin tá fothracha eile le feisgint - Caisleán Bhaile an Mhadaigh - a bhain le na Móraigh leis.
Is beag bealoideas atá le fághail 'sa ceanntar seo maidir le sgéalta acht amhain focail atá i n-úsáid ag na sean daoine fós. Bhailigh na páistí an t-eolas agus scríobhas fén síos é.