School: Cill Bhriotáin (C.) (roll number 11728)
- Location:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Teacher: Cáit de Búrca
![The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 340](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0313%2FCBES_0313_340.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 340
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Page 340
- XML (no title)
- XML “Aimsir an Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Chun na clainn eagsamhla a d'aithin ón a chéile thugaidís ainmneaca ortha mar:-”
(continued from previous page)Brien Crón
Brien Thar (thear ?)
Sexton liath
Murphy reamhair
Murphy Bolcam
Murphy Mhéirín- Thagadh bean déirce ó am go h-am ag bailiú déirce. D'fhanadh sí ar feadh seachmhaine agus d'imthigheadh sí airís; Máire Buidhe an ainm a tugadh uirthi. Pósadh í agus do chur sí fúithe 'san dúthaigh seo. Tháinig an gorta, agus do fuair a fear bás; ní raibh éinne aici chun é d'adhlachadh agus bhí an corp ansan ar an leabhaidh ar feadh seachtmhaine. Do théigheadh sí féín amach gach lá ar lorg bidh.Fear eile go raibh clann aige, abhí in a chomhnuidhe inaice le athair Mhichíl Uí Síothcháin; Nior fhéad sé an cíos d'íoch agus d'iarr sé cead air dul chun comhnuidhthe leis agus go n-íocfadh sé leath a chiosa dhó. D'aontuig athair Mhicíl leis sin. Ní raibh sa tig ach aon seomra amháin. Nuair a tháinig an gorta fuair buachaill ann bás agus bhí an(continues on next page)