Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí mac do Mhichíl Phadruig 'na chómhnuidhe thoir ar Cúil na Catharach in oirthear paróiste Bhaile Mhúirne Mattie ab'ainm do. Buachaill óg aérhac ab'eadh é. Chuaidh sé go Maghchromhdha lá go raibh deocha Nodhlag beag air. Casadh comrádaí buachalla air agus [?] ar óíl go dtáinig an oidhche ortha. D'oir dóibh teacht abhaile annsan agus chomáineadar leó an bóthar go dtí go dtánghadar go dtí an mbaile. Bhí an suipéir beirbhighthe rómpa ag a mháthair agus d'itheadar é. Dúbhairt an mac le na mhathair "A mháthair adúbhairt sé raghaidh mé anonn go Cathair Céarnan go bfeicidh mé an t-oighre óg atá ag mo dhriobhtár". "Airiú a laogh" ar sise fan istig tá sé ró dhéanach san oidhche. Níor dhein sé rud uirthi ach chomáin sé leis féin agus a chomrádaí buachalla a bhí 'na theannta i rith an laé, go ndeigheadar go dtí Carraig an Adhmaid go tigh tábhairne. Do ghlaodar amach chun óíl d'fhághail agus do leigeadh isteach iad.
    D'ól gach duine acu tréac[?] agus annsan do thógadar leó da phiúne Whiskey 'na bpóca chun é bhreith anonn go dtí an t-oighre óg. Do bhí capall iallaite acu. Do tháinig an breathnach anáirde ar an gcapall ag doras tíghe an tábhairne. Chomáineadar leó síor a' bóthar go dtí an ndroichead agus d'oir do Mattie teacht anáirde ar an gcapall mar chúlóg. Le linn do dul anáirde ar shiar an droicid shleamnuig se do'n t-shlait agus isteach agus d'imthigh sé fé'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Mulláin
    Inscne
    Fireann