Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaireas na paidreacha seo leanas ó Mháirtín Maicín: in aois 75 bl. Tá sé na chomhnuidhe i gCathair Beárnach: Lios Ceannúir: Co an Chláir.1.
A Mhaighdean Bheannuighthe; déin duine leat féin díobh,
A Naoimh Pheadair; cuir i leabhran Spiorad Naoimh mé
ón gcéad duilleóg go dtí an duilleóg déanach
in áit 'na iarraimíd biadh ná éadach
Clúimh ná phlóchas cun codlata a dhéanamh
Suan siorraidhe agus grásta Dei chughann
Agus soillse na bflaithis ar lasadh ar gach taobh dínn.
Amen2.
A Mhaighdin ghlórmhar mhódhmharach mhaiseach
is tu mo stór mo lón is mo thaisge
is tú an réal tsoluis atá romham i ngach bealach
is i ngleann na ndeór gur tú mo charaidh
Dein de'm treor tá an t-or an an bpeacach
umhlaigh molaim as small gach peaca
Fliuch mo chroidhe le grádh do'n Athair
Is ar uair na ngrást gur tú mo charaidh
Amen(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Maicín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Caherbarnagh, Co. an Chláir