Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) agus na bailiúcháin

Is iad cuspóirí Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) traidisiún béil na hÉireann a bhailiú, a chur ar buanchoimeád agus a scaipeadh. Cuimsíonn CBÉ, atá lonnaithe in UCD, na taifid seo a leanas:

  • c.2 mhilliún leathanach lámhscríbhinní
  • c.500,000 cárta innéacs
  • c.12,000 uair an chloig de thaifid fuaime
  • c.80,000 grianghraf
  • c.1,000 uair an chloig d’ábhar físe

Tá bunsealúchais an Chnuasaigh roinnte ina mbailiúcháin:

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní

Tá taifead luachmhar de thraidisiún béil agus cultúr ábhartha na hÉireann le fáil sa Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, a thiomsaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann agus a chomharbaí. Áirítear ann ábhar béaloidis as gach contae in Éirinn, trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge araon. Nuair a bunaíodh an Coimisiún i 1935 tuigeadh go maith go raibh an Ghaeilge ag meath, agus rinneadh iarracht ar leith mar sin oiread béaloideas a bhailiú ó lucht seanchais na Gaeltachta agus ab fhéidir. Bailíodh stór tábhachtach béaloidis ó chainteoirí Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge Mhanann chomh maith.

Tá os cionn 2,400 imleabhar – breis is 700,000 leathanach – sa Phríomhbhailiúchán, a bhformhór saothraithe ag bailitheoirí lánaimseartha an Choimisiúin, leithéidí Seosamh Ó Dálaigh i gCiarraí agus Seán Ó hEochaidh i nDún na nGall. Bhí dlúthbhaint ag na bailitheoirí lánaimseartha seo leis na ceantair inar shaothraigh siad, agus taithí agus tuiscint acu dá réir ar chanúint agus ar thraidisiúin an phobail áitiúil. Is éard atá sa chuid is mó den Phríomhbhailiúchan ná tras-scríbhinní ar agallaimh a rinne na bailitheoirí lánaimseartha lena gcuid faisnéiseoirí ar an Ediphone (seanghléas taifeadta a d’úsáid fiteáin céarach) agus, níos déanaí, ar ghramafóin agus théipthaifeadáin. Bhí sé de dhualgas ar bhailitheoirí lánaimseartha dialann a choinneáil chun eolas comhthéacsúil faoi na seisiúin taifeadta, na faisnéiseoirí, agus faoin obair i gcoitinne a bhreacadh. Is cuid den Phríomhbhailiúchán iad na dialanna seo agus tá léargas luachmhar iontu ar shaol a linne.

Is féidir an Príomhbhailiúchán a roinnt ina 14 réimse ábhair, mar atá Lonnaíocht, Slite Beatha & Tíos, Cumarsáid & Tráchtáil, an Pobal, Saol an Duine, an Dúlra, Leigheas na nDaoine, Am & Féilte, Nósanna & Piseoga, an tOsnádúr, an Stairsheanchas, an Creideamh, an Litríocht Bhéil agus Cluichí & Caitheamh Aimsire. Tá riar mór seanscéalta sa Phríomhbhailúchán a bailíodh ó scéalaithe iomráiteacha ar nós Pheig Sayers, Éamon a Búrc agus Anna Nic a’ Luain. Tá an Príomhbhailiúchán ina fhoinse phríomha ríthábhachtach do stairithe agus taighdeoirí eile. Tá cuntais chuimsitheacha ann ar bhlianta an drochshaoil (1845-49), mar aon le cuimhní cinn ar eachtraí stairiúla ar nós Fhrithdhúnadh 1913 agus Éirí Amach 1916. Tá seanchas ann chomh maith i dtaobh Dhónaill Uí Chonaill agus pearsana stairiúla eile.

Ceistneoirí

Shaothraigh roinnt mhaith bailitheoirí páirtaimseartha stór mór béaloidis ar son an Choimisiúin, a mbunáite ag obair go deonach. Ba mhúinteoirí iad cuid de na daoine seo a chuir suim ar leith ina n-oidhreacht chultúrtha féin tar éis dóibh a bheith páirteach i Scéim na Scol sna 1930idí. Sa bhreis ar na míreanna fánacha béaloidis a bhailigh siad féin go háitiúil, sholáthair na daoine seo freagraí cuimsitheacha ar níos mó ná 100 ceistneoir éagsúil a scaip an Coimisiún i dtaca le gnéithe éagsúla den bhéaloideas. D’fhreagair siad ceistneoirí a bhain leis na Toibreacha Beannaithe, na Bataí Scór, Lá Fhéile Mártan (agus féilte eile), An Gorta Mór, An Phunann Dheireanach, an Bás, an Gabha, an Tuíodóireacht, Caitheamh Aimsire agus Spóirt, Éadaí, Bia etc. Is cuid thábhachtach den Phríomhbhailiúchán iad na freagraí ar na ceistneoirí seo.

Bailiúchán na Scol

Thiomsaigh daltaí as 5,000 bunscoil i Saorstát Éireann tuairim is 740,000 leathanach (288,000 leathanach i mbunchóipleabhair na ndaltaí; 451,000 leathanach in imleabhair cheangailte), idir 1937 agus 1939.

Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann, faoi stiúir Shéamuis Uí Dhuilearga agus Sheáin Uí Shúilleabháin, Stiúrthóir Oinigh agus Cláraitheoir an Choimisiúin faoi seach, a chuir an scéim bailithe seo ar bun. Bhí an togra ag brath go mór ar chomhoibriú na Roinne Oideachais agus Chumann Múinteoirí Éireann. Bhí sé i gceist go rithfeadh sé ó 1937 go 1938 ach tugadh síneadh ama go dtí 1939 i gcásanna áirithe. Le linn an tionscadail, earcaíodh breis agus 50,000 páiste scoile as 5,000 scoil i 26 contae Saorstát Éireann le béaloideas a bhailiú ina gceantair féin. I measc an ábhair a bhailigh siad tá stairsheanchas, dinnseanchas, scéalta bealoidis agus finscéalta, tomhais agus seanfhocail, cluichí agus caithimh aimsire, modhanna oibre agus ceirdeanna. Óna dtuismitheoirí, a dtuismitheoirí siúd agus óna gcomharsana a bhailigh na páistí an t-ábhar.

Os cionn leathmhilliún leathanach lámhscríbhinne a bhí mar thoradh ar an scéim, ar a dtugtar ‘Bailiúchán na Scol’ go hiondúil.

Tá 1,128 imleabhar, iad uimhrithe agus ceangailte, i mBailiúchán na Scol. Bíonn leathanach teidil roimh ábhar gach scoile, ar a dtugtar ainm na scoile, ainm an pharóiste, ainm na barúntachta, ainm an chontae agus ainm an mhúinteora. Tá bailiúchán breise, tuairim is 40,000 de bhunchóipleabhair na ndaltaí, i dtaisce ag CBÉ.

Tá tuilleadh eolais ar fáil san alt seo:

Ó Cathain, Séamas (1988), 'Súil siar ar Scéim na Scol 1937-1938'. Sinsear 5: 19-30. [pdf]

Rogha na Seachtaine

Tá cuid de na scéalta is spéisiúla á léiriú mar 'Rogha na Seachtaine' ar an suíomh seo. Is féidir breathnú tríthu anseo.

An Bailiúchán Grianghraf

Tá suas le 80,000 grianghraf i mbailiúchán Chnuasach Bhéaloideas Éireann, a bhformhór ó thréimhse Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-70) agus a chomharba. Ba é Caoimhín Ó Danachair, eitneolaí an Choimisiúin, a ghlac go leor de na grianghraif agus é i mbun obair pháirce ar fud na hÉireann ar feadh roinnt mhaith blianta. I measc bhaill eile an Choimisiúin a ghlac grianghraif de lucht seanchais agus de chultúr ábhartha na tíre, áirítear Séamus Ó Duilearga, Michael J. Murphy, Leo Corduff agus a thuilleadh nach iad.

Is i bhfoirm scannán a mhaireann formhór na n-íomhánna – idir dhearbhchlónna agus chlaonchlónna (tuairim is 6,000 claonchló níotráite ina measc), dubh & bán agus daite, idir scannán 35mm agus formáidí níos mó. Anuas air sin, tá bailiúchán substaintiúil ann de chlaonchlónna plátghloine agus sleamhnáin ghloine laindéir, chomh maith le priontaí, líníochtaí agus saothair eile ealaíne. Tá an bailiúchán ag dul i méid i gcónaí, de thoradh obair allamuigh fhoireann agus thacadóirí an Chnuasaigh agus de bharr bronntannas luachmhar de ghrianghraif stairiúla ón bpobal.

Tá caomhnú agus digitiú an bhailiúcháin ar siúl i gcónaí; tá roinnt mhaith íomhánna á gcur ar fáil anseo den chéad uair. Tá na híomhánna seo rangaithe de réir na dtéamaí agus na dteideal ábhair atá leagtha amach ag Seán Ó Súilleabháin ina leabhar A Handbook of Irish Folklore (1942). I measc na dtéamaí a chuimsítear, tá tithe cónaithe agus gnéithe eile de dhéantús, slite beatha, ceirdeanna agus ceardaíocht, tráchtáil, modhanna iompair, an fharraige, oideachas, creideamh, bia, feisteas, féilte agus deasghnátha, scéalaithe, ceoltóirí, caithimh aimsire agus spórt. Cuirtear na téamaí ginearálta seo in iúl le réamhlitir A-N, mar seo a leanas:

  • A. Lonnaíocht
  • B. Slite Beatha agus Tíos
  • c. Cumarsáid agus Tráchtáil
  • D. An Pobal
  • E. Saol an Duine
  • F. An Dúlra
  • G. Leigheas na nDaoine
  • H. Am agus Féilte
  • I. Nósanna agus Piseoga
  • J. An tOsnádúr
  • K. Stairsheanchas
  • L. Traidisiún an Chreidimh
  • M. Bailiú Béaloidis
  • N. Cluichí agus Caithimh Aimsire

Rochtain

Is féidir íomhánna ísealtaifigh agus meántaifigh a íoslódáil saor in aisce. Iad siúd a dteastaíonn cóipeanna ardtaifigh uathu iarrtar orthu dul i dteagmháil le Cnuasach Bhéaloideas Éireann ag bealoideas@ucd.ie. Gearrfar táille €10.00 ar chóipeanna den chineál seo.

Rogha na Seachtaine

Tá cuid de na grianghraif is spéisiúla á léiriú mar 'Rogha na Seachtaine' ar an suíomh seo; is féidir breathnú tríthu anseo.

An Chartlann Fuaime agus Físe

Tá breis agus 12,000 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime agus thart ar 1,000 uair an chloig de thaifeadtaí físe sa chartlann. Is ar téip atá formhór na dtaifeadtaí fuaime ach tá formáidí eile san áireamh freisin. Cuireann na taifeadtaí fuaime seo síos ar gach gné de thraidisiún agus de bhéaloideas na hÉireann agus tá ábhar ó gach contae, i nGaeilge nó i mBéarla, san áireamh. Is in 1897 a rinneadh na taifeadtaí is luaithe sa bhailiúchán ag Feis Ceoil Bhéal Feirste (ar fhiteáin céarach) ach is leis an tréimhse ó na 1940idí i leith a bhaineann formhór na dtaifeadtaí. Tá ábhar ann freisin a bhailigh scoláirí eachtrannacha béaloidis agus teanga ar nós Olaf Melberg agus Heinrich Wagner.

Rannóg an Cheoil Tuaithe

Is éard atá sa bhailiúchán seo 3,000 leathanach lámhscríbhinne ceoil, sainleabharlann agus c.2,000 uair an chloig de thaifeadtaí allamuigh. Cuireadh Rannóg an Cheoil Tuaithe faoi stiúir Bhreandáin Bhreathnaigh i 1974. Thaifead bailitheoirí na mílte amhrán Béarla agus Gaeilge mar aon le ceol uirlise ó nach mór gach cearn d’Éirinn.