Bhí fear fudó tímpal - ’n-a chómhnuídhe tímpal
Chíll Orglan go dtugaidís Mícheál Muar Ó Fóghludha air, agus bhí sé féin agus a’ Counsiléar ana-mhuar le ’n-a chéile. Téidheadh sé go Sasna ana-mhinic - deabhruíghim go raibh sé go maith as- agus árd-fhear ar mhaide a’ b’eadh
é - ní bhuinnfeadh aon fhear aon cheart de le maide - agus lá bhuail sé í Sasna leis a’ gCoun-
siléar, d’fhiafruigh a’ Counsiléar de ar mhaith leis dul isteach go Parliament. "Ba mhaith go
maith", ar seisean. "Seadh," arsa an Counsiléar, ar seisean, "tabharfad-sa ticéad duit," ar seisean, "is níl a bhac ort,"ar seisean," dul isteach amáireach." Seadh! bhí áthas muar ar Mhícheál Ó Foghladha dul isteach go Parliament, agus nuair a chuaidh sé isteach ar
maidin bhí athas muar ar a’ gCounsiléar duine ó n’áit féin ’fhiscint ann, agus nuair
"fhiach a’ Counsiléar tímpal air: "Seadh ’Mhichíl," ar seisean,
"is deocair dómh-sa," ar seisean, "ceart a bhuinnt díobh so go léir," ar seisean. "Is deochair go maith
amhuise," arsa Mícheál, ar seisean, "agus d’á bhfaghainn-se
"iad so, ar seisean "siar", ar seisean,, "tímpal Chíll Orglan", ar seisean, "do
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.