Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 344](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_344.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 344
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí mac feirmeóra mar sin fudó un, agus má bhí, is minic a bhí is bheidh go deó is dócha. Sa bhfóghmhar a b’eadh é agus t’réis a laé fóghmhair nuair a tháinig sé féin is buachaill
aimsire bhí aca ’s a dhrifearacha is dritháir eile isteach, dubhairt sé go raghadh sé féin sa t-sráid -
bhí an t-sráid cóngarach dó is dubhairt sé go mbeadh sé chúcha tímpal a naoi a chlog, agus na ba chuir isteach sa pháirc sin d’áirithe sa bhfeirm
Seadh, d’imthigh sé is nuair a bhí na ba crúidhte ’ca tráthnóinín d’imíodar ’á chuir sa pháirc is ní chuirfeadh a’ domhan na ba
sa pháirc - ní raghadh aon cheann aca isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)