Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 368](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_368.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 368
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fhíorainne leat," ar sise. "Do thabharfainn-se an leabhar," ar sisean, "go raibh beirt sa leabaidh nuair a thánga abhaile, agus dar leat" ar sisean, "má’s é
sin lá é bhíos b'niscionn." "Siné an lá indiu" ar sise, "chómh siúrálta is tán tú a’ treabha".
Glaodhadh chun a bhroicfeast air is ní raibh a thuille ann. Ní raibh, ach mar a mbeadh Caitlín
is dócha go mbeadh t’riomeasg ann (gáirí ó’n scéalaidhe) - (Ó, seadh!) Bhí buachaill ar
(1)Scairbh na Muirbhíoch fudó agus do bhí sweet heart i (2)Meall na h-Ón aige. Seadh, léimeadh sé an Aoine na h-aon
oidhche dul trasna chun an sweet heart i Meall na h-Ón agus do chaitheadh sé g'áilt tímpal abhaile an bóthar chun Ceann Éich, agus do bhíodh Seán Stac
a’ faire air na h-aon oidhche - do bhíodh sé amuich ar a’ mbóthar is bhídís ’seanachuiocht le’n-a chéile. Seadh, bhí sé mar sin ar feadh trí mblian agus bhí féirm thalún ag an sweet(1) An taobh thoir de’n Mhuirbhíg, ar theorainn na Scairbhi. Tá an Scairbh ar a dtaobh de’n Mhuirbhíg.
(2) Tá Meall na h-Ón tuairm is dhá mhíle go-leith ar a’ dtaobh thoir de Cheann Eich - ar a dtaobh thuaidh d’Abhainn na h-Uidhne ar aghaidh Gurráin
na Fola anonn.(leanann ar an chéad leathanach eile)